[Events] Notice of Irish language guest lecture: Roibeard Ó Cathasaigh 12 Aibreán 2010
Ciara.Considine
Ciara.Considine at staffmail.ul.ie
Wed Apr 7 15:28:13 IST 2010
[Notice of Irish language guest lecture]
"Tídil Eidil Éro" le Roibeard Ó Cathasaigh
Dé Luain 12 Aibreán @ 19.30
Seomra na Gaeilge LCO-016, Áras na dTeangacha
Pléifidh Roibeard Ó Cathasaigh, eagarthóir an phacáiste, an togra agus na hamhráin féin.
Cúlra:
Seoladh an dlúthdhiosca draíochtúil seo ar a bhfuil bailiúchán d'amhráin thraidisiúnta ón dtraidisiún beo le déanaí. Le Tídil Eidil Éró, tá críoch curtha leis an tríú chéim den Togra Béaloidis i mBunscoileanna Chorca Dhuibhne. Leanann sé Rabhlaí Rabhlaí, 1998, bailiúchán de rainn thraidisiúnta sa Ghaeilge do pháistí atá curtha le ceol ag Steve Cooney, agus níos déanaí, Scéilín ó Bhéilín, 2003, scéalta traidisiúnta do pháistí. Is iad glúin óg Corca Dhuibhne atá le clos ar an gcéad CD de Tídil Eidil Éró agus guthanna cinn na muintire, a bhformhór ó Chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar an dara CD chomh maith le dhá mhír físe ó Chartlann RTÉ. Focail na n-amhrán le léaráidí ildaite, modheolaíocht agus treoracha don amhránaíocht atá sa leabhar.
Fáilte roimh chách!
RSVP ciara.considine at ul.ie <mailto:ciara.considine at ul.ie>
Ciara Considine
Oifigeach Margaíochta / Riarthóir Feidhmiúcháin
seoladh : Aonad na Gaeilge (LC0-014), Scoil na dTeangacha, na Litríochta, an Chultúir & na Cumarsáide, Ollscoil Luimnigh
guthán : 061 234754
ríomhphost : ciara.considine at ul.ie <mailto:ciara.considine at ul.ie>
idirlíon : www.ul.ie/aonadnagaeilge <http://www.ul.ie/aonadnagaeilge>
P Smaoinigh ar an timpeallacht sula socraíonn tú an ríomhphost seo a phriontáil.
<http://images.google.com/imgres?imgurl=http://www.ecolo.org/z_greetings/ChristmasBells.jpg&imgrefurl=http://www.blackvoices.com/boards/news-and-sports/bvcaucus/bv-caucus/-/25359/1&usg=__kiYVoQNlC82RtpdJO3e-L_JXXnk=&h=300&w=401&sz=34&hl=en&start=51&tbnid=GABWHRTUc_4oNM:&tbnh=93&tbnw=124&prev=/images%3Fq%3Dchristmas%26ndsp%3D18%26hl%3Den%26sa%3DN%26start%3D36>
-------------- next part --------------
An HTML attachment was scrubbed...
URL: <http://lists.skynet.ie/pipermail/events/attachments/20100407/796b3cda/attachment-0001.htm>
-------------- next part --------------
A non-text attachment was scrubbed...
Name: not available
Type: image/jpeg
Size: 12424 bytes
Desc: image001.jpg
URL: <http://lists.skynet.ie/pipermail/events/attachments/20100407/796b3cda/attachment-0001.jpeg>
More information about the Events
mailing list